Coiste na Réigiún

Bileoga Eolais AE 09-11-2023

Tá Coiste na Réigiún comhdhéanta de 329 gcomhalta a dhéanann ionadaíocht d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Eisíonn sé tuairimí a lorgaítear ar bhonn comhairliúchán éigeantach (mar a cheanglaítear sna Conarthaí) agus toilteanach agus, i gcás inarb iomchuí, eisíonn sé tuairimí féintionscnaimh. Níl a chuid comhaltaí faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha Tá siad neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas, rud atá chun leasa ghinearálta an Aontais Eorpaigh.