Ioncam an Aontais

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Maoinítear cuid mhór de bhuiséad an Aontais (os cionn 90%) ó acmhainní dílse. Ní mór an t-ioncam bliantúil an caiteachas bliantúil a chumhdach go hiomlán. Cinneann an Chomhairle an córas acmhainní dílse d’aontoil, ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, agus is gá do na Ballstáit é a dhaingniú. Mhol an Coimisiún, in 2022 agus in 2023, go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras acmhainní dílse, athchóiriú a chuimsigh dhá phacáiste d’acmhainní dílse nua.