Bearta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí

Bileoga Eolais AE 29-01-2024

Is é an aidhm atá le bearta Eorpacha a bhaineann le cosaint tomhaltóirí ná sláinte, sábháilteacht, agus leasanna eacnamaíocha agus dlíthiúla thomhaltóirí na hEorpa a chosaint, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, a mbíonn siad ag taisteal nó a mbíonn siad ag siopadóireacht in AE. I bhforálacha AE, déantar idir idirbhearta fisiceacha agus ríomhthráchtáil a rialáil, agus tá rialacha iontu maidir le hinfheidhmeacht ghinearálta mar aon le forálacha atá dírithe ar tháirgí sonracha, lena n-áirítear cógais leighis, orgánaigh ghéinmhodhnaithe, táirgí tobac, cosmaidí, bréagáin agus pléascáin.