Sábháilteacht bia

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Tá sé mar aidhm le beartas sábháilteachta bia an Aontais sláinte an duine agus leasanna tomhaltóirí a chosaint agus oibriú rianúil an mhargaidh aonair a chothú. Le blianta beaga anuas, le hathrú paraidíme leathnaíodh cuspóirí sábháilteachta bia chun neamhshlándáil bia arb é an t-athrú aeráide is cúis léi a chur san áireamh. Áirithíonn an tAontas go gcloítear le caighdeáin sna réimsí seo a leanas: sláinteachas beatha agus táirgí bia, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, galair zónóiseacha bia-iompartha agus éilliú bia a chosc. Déanann an tAontas rialáil ar lipéadú le haghaidh táirgí beatha agus bia freisin.