An Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an Conradh

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh na Róimhe, rinneadh sásraí idirghabhála a chur in ionad bheartais talmhaíochta na mBallstát ar leibhéal an Chomhphobail. Tá bunchloch an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) gan athrú ó síníodh Conradh na Róimhe, cé is moite de rialacha a bhaineann leis an nós imeachta cinnteoireachta. Le Conradh Liospóin, tugadh aitheantas don chomhchinnteoireacht mar an ‘gnáthnós imeachta reachtach’ do CBT, in ionad an nóis imeachta comhairliúcháin.