An Óige

Bileoga Eolais AE 26-05-2023

Is réimse beartais náisiúnta í an óige agus, mar sin, ní féidir comhchuibhiú a dhéanamh ina leith ar leibhéal AE. Mar sin, is ról tacaíochta amháin atá ag an Aontas. Le príomhghníomhaíocht 1 den chlár Erasmus+ maidir le soghluaisteacht do dhaoine aonair, spreagtar malartú daoine óga laistigh de AE agus le tríú tíortha. Le blianta beaga anuas, neartaigh an tAontas a chuid beartas i leith daoine óga, mar is léir as tionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus as an tionscadal DiscoverEU.