Cabhair dhaonnúil

Bileoga Eolais AE 30-05-2023

Tá an chabhair dhaonnúil mar chuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a dhéanann freastal ar riachtanais i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine. Maoiníonn an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta sa Choimisiún oibríochtaí fóirithinte agus comhordaíonn sí beartais agus gníomhachtaí na mBallstát. Gníomhaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle mar chomhreachtóirí chun beartas an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla a mhúnlú agus chun páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí domhanda ar ghníomhaíocht dhaonnúil níos éifeachtaí.