An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), an Eilvéis agus an Tuaisceart

Bileoga Eolais AE 19-12-2023

Cuireadh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar bun in 1994 chun forálacha an Aontais Eorpaigh maidir lena mhargadh inmheánach a leathnú chuig tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Is iad an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin páirtithe LEE. Is comhalta de CSTE í an Eilvéis ach níl sí ina comhalta de LEE. Tá ceangal freisin idir AE agus comhpháirtithe Nordacha LEE agus CSTE (an Iorua agus an Íoslainn) trí ‘bheartais thuaisceartacha’ agus fóraim éagsúla a dhíríonn ar na críocha is sia ó thuaidh san Eoraip atá ag forbairt go tapa agus ar réigiún an Artaigh ina iomláine.