Beartas Comharsanachta na hEorpa

Bileoga Eolais AE 05-12-2023

Tá feidhm ag beartas comharsanachta na hEorpa maidir leis an Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, an Mholdóiv, Maracó, an Phalaistín, an tSiria, an Túinéis agus an Úcráin. Tá sé mar aidhm aige rathúnas, cobhsaíocht agus slándáil a neartú iontu go léir. Tá sé bunaithe ar dhaonlathas, ar an smacht reachta agus ar an urraim do chearta an duine. Is beartas déthaobhach é idir an tAontas Eorpach agus gach tír chomhpháirteach, agus tá tionscnaimh um chomhar réigiúnach aige: Comhpháirtíocht an Oirthir agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí[1].