Caidreamh Trasatlantach: na Stáit Aontaithe agus Ceanada

Bileoga Eolais AE 18-01-2024

Tá na luachanna céanna ag AE, na Stáit Aontaithe agus Ceanada maidir leis an daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta agus an tsaoirse eacnamaíoch agus pholaitiúil, agus tá údair imní choiteanna acu maidir le beartas eachtrach agus an tslándáil. Tá an dlúthchomhar agus an caidreamh straitéiseach leis na Stáit Aontaithe agus Ceanada ina thosaíocht fós ag AE.