Tíortha na Murascaille, an Iaráin, an Iaráic agus an Éimin

Bileoga Eolais AE 01-01-2018

Tá comhaontuithe comhair ag AE le Comhairle Comhair na Murascaille (eagraíocht réigiúnach ina ngrúpáiltear Bairéin, Cuáit, Óman, Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) agus leis an Éimin, agus tá Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair aige leis an Iaráic. Níl aon chaidreamh conarthach ag AE leis an Iaráin faoi láthair agus níl aon Toscaireacht de chuid an Aontais in Tehran. Tá caidreamh AE leis an Iaráin bunaithe ar chaomhnú a dhéanamh ar an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA, nó an Comhaontú Núicléach leis an Iaráin), a síníodh i Vín i mí Iúil 2015.