Beartas Tearmainn

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Is é is aidhm le beartas tearmainn AE ná stádas iomchuí a thairiscint d’aon náisiúnach tríú tír atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta i gceann de na Ballstáit agus chun a áirithiú go gcomhlíontar prionsabal an non-refoulement[1]. Chun na críche sin, tá iarracht á déanamh ag an Aontas chun Comhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt.