Tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Tá fás inbhuanaithe ar cheann de phríomhchuspóirí an Aontais Eorpaigh (AE). Le linn tréimhse ina bhfuil athrú aeráide ag dul ar aghaidh go mear agus ina bhfuil éileamh méadaithe ar fhuinneamh agus acmhainní, tá réimse beartas agus tionscnamh tugtha isteach ag AE lena ndírítear ar thomhaltas agus ar tháirgeadh inbhuanaithe. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus, go háirithe, faoin bplean nua gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, fógraíodh tionscnamh reachtach maidir le beartas táirgí inbhuanaithe chun táirgí a chur in oiriúint do gheilleagar atá aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus ciorclach.