An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

Bileoga Eolais AE 08-06-2023

Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) institiúid lárnach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus tá sé freagrach as beartas airgeadaíochta sa limistéar euro ón 1 Eanáir 1999. Is iad BCE agus bainc cheannais náisiúnta uile an Aontais a chomhdhéanann an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Is é príomhchuspóir CEBC cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Ó 2014 i leith, tá BCE freagrach as cúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa faoin Sásra Maoirseachta Aonair.