Ardoideachas

Bileoga Eolais AE 30-05-2023

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, cinntear na beartais ardoideachais ar leibhéal na mBallstát aonair. Dá bhrí sin, is ról tacaíochta agus comhordaithe go príomha atá i ról an Aontais. Ar na príomhchuspóirí a ghabhann le gníomhaíocht an Aontais i réimse an ardoideachais tá soghluaisteacht mac léinn agus teagascóirí a spreagadh, aitheantas frithpháirteach do dhioplómaí agus do thréimhsí staidéir a chothú agus comhar idir institiúidí ardoideachais a chur chun cinn.