Beartas cánach ginearálta

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Is saincheart de chuid na mBallstát é an cánachas, agus níl ach inniúlachtaí teoranta ina leith ag an Aontas Eorpach. Ós rud é go bhfuil beartas cánach AE dírithe ar fheidhmiú réidh an mhargaidh aonair, tugadh aghaidh ar chomhchuibhiú an chánachais indírigh roimh an gcánachas díreach. Tháinig comhrac in aghaidh imghabháil cánach agus seachaint cánach ina dhiaidh sin. Ní foláir reachtaíocht chánach an Aontais a ghlacadh d’aon toil. Tá sé de cheart ag Parlaimint na hEorpa go rachfaí i gcomhairle léi maidir le hábhair chánach; is comhreachtóir í, fiú, maidir le hábhair bhuiséadacha.