Pairtnéirí

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnmaíochta (ECFE )

Rochtain ar iLeabharlann ECFE, leabharlann ar líne na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ina léirítear a leabhair, a páipéir agus a staidreamh agus geata go dtí anailís agus sonraí ECFE.

An Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE)

Is institiúid leithleach taighde agus teagaisc iarchéime idirnáisiúnta an Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE). Is í a haidhm ardoiliúint acadúil a chur ar fáil do thaighdeoirí dochtúireachta agus iardhochtúireachta agus taighde a chothú sna réimsí is spéis ar leith d'fhorbairt na hEorpa.

Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh (CSAE)

Déanann Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh, arna riaradh ag an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans, doiciméid cartlainne institiúidí AE, chomh maith le cartlanna príobháideacha phearsantachtaí na hEorpa, príomhpholaiteoirí, gluaiseachtaí agus cumainn a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.

An Lárionad Eorpach um Thaighde agus Doiciméadú Parlaiminteach (LETDP)

Gníomhaíonn an Lárionad Eorpach um Thaighde agus Doiciméadú Parlaiminteach (LETDP) mar chlais chun faisnéis a mhalartú don fhoireann i bparlaimintí aon uair ba mhian le parlaimint amháin níos mó eolas a fháil faoi chleachtais pharlaiminteacha agus beartais reachtacha i dtíortha eile go príomha san Eoraip.

An Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais (CEASB)

Gníomhaíonn an Lárionad Eorpach um Thaighde agus Doiciméadú Parlaiminteach (LETDP) mar chlais chun faisnéis a mhalartú don fhoireann i bparlaimintí aon uair ba mhian le parlaimint amháin níos mó eolas a fháil faoi chleachtais pharlaiminteacha agus beartais reachtacha i dtíortha eile go príomha san Eoraip.

An Coimisiún Eorpach - Tuairim an Phobail (Eorabharaiméadar)

Rochtain ar shuirbhéanna agus ar staidéir an Eorabharaiméadair, rannóg Anailís Thuairim an Phobail sa Choimisiún Eorpach, a dhéanann faireachán ar threochtaí i mórthopaicí maidir le saoránacht Eorpach.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Rochtain ar dhoiciméid uile Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), fóram AE le haghaidh comhairliúcháin, idirphlé agus comhaontú idir ionadaithe ó earnálacha éagsúla na sochaí sibhialta eagraithe.

Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR)

Rochtain ar staidéir agus doiciméid eile taighde Choiste Eorpach na Réigiún (CoR), tionól AE d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla.

Faireachlann Reachtaíochta

As seo is féidir leat próiseas cinnteoireachta na hEorpa a leanúint céim ar chéim. Faigh amach cad atá déanta cheana agus cad atá le teacht.

Clár na ndoiciméad

Tugtar le chéile sa chlár gach doiciméad oifigiúil a chuir Parlaimint na hEorpa ar fáil, nó a fuair sí, ón 3 Nollaig 2001. Is féidir leat cuardach a dhéanamh le heochairfhocail, údar, dáta, uimhir thagartha nó cineál doiciméid.

Blag EPRS

Trí bhlag sheirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann de speisialtóirí a thugann cúnamh do na Feisirí lena gcuid taighde agus leis an obair a bhaineann le reachtaíocht a ullmhú.

ESPAS

Is tionscadal uathúil idirinstitiúideach é ESPAS arb é is aidhm dó iarrachtaí AE a neartú i réimse fíor-riachtanach na réamhphleanála.

ORBIS - An mol le haghaidh staidéir réamhamhairc

Tabhair cuairt ar an leabharlann is mó ar domhan do staidéir ionchasacha. Foghlaim faoi na treochtaí fadtéarmacha a mhúnlóidh an tsochaí. Léigh, foghlaim agus déan machnamh faoi réimse leathan ábhar a bhaineann leatsa agus le saoránaigh eile an domhain.

URBIS - An mol le haghaidh staidéir cur chun feidhme

Gach rud a bhaineann le Clár Oibre an Choimisiúin ó na parlaimintí náisiúnta, ó na réigiúin, ó na cathracha agus ó na comhpháirtithe sóisialta.

Leathanaigh d’Fhíricí ar an Aontas Eorpach

Is foinse faisnéise atá cuimsitheach ach fós gonta na Bileoga Eolais a sholáthraíonn forbhreathnú ar chomhtháthú na hEorpa agus ar chion Pharlaimint na hEorpa don phróiseas sin. Nuashonraítear iad go rialta agus is féidir dul i gcomhairle leo laistigh de láithreán gréasáin na Meithle Machnaimh nó ar leathanach gréasáin na mbileog eolais.

Siopa leabhar AE

Tá foilseacháin AE uile ar fáil i Siopa Leabhar AE, an siopa leabhar ar líne, leabharlann agus cartlann na bhfoilseachán ag institiúidí AE.