Cuardaigh

Do thorthaí

Ag taispeáint 10 as 38 torthaí

Áirítear le maoin intleachtúil gach ceart eisiach ar shaothair intleachtúla. Cuimsítear léi dhá chineál ceart: an mhaoin thionsclaíoch, lena n-áirítear aireagáin (paitinní), trádmharcanna, dearthaí agus samhlacha tionsclaíocha agus sonrúcháin tionscnaimh, agus cóipcheart, lena n-áirítear maoin ealaíne agus liteartha. Ó tháinig an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm in 2009, tá inniúlacht fhollasach ag AE i leith cearta maoine intleachtúla (Airteagal 118).

Saoránaigh an Aontais agus a gcearta

Bileoga Eolais AE 30-01-2024

Tá cearta na saoránach aonair agus an tsaoránacht Eorpach cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (EUCFR), sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Is gnéithe bunriachtanacha iad sin ó thaobh féiniúlacht Eorpach a mhúnlú. I gcás sárú tromchúiseach ar bhunluachanna an Aontais, is féidir smachtbhanna a fhorchur ar Bhallstát.

Sa bhileog eolais seo déantar cur síos ar inniúlachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ina bhfuil dhá chúirt, an Chúirt Bhreithiúnais féin agus an Chúirt Ghinearálta, agus a chuireann modhanna sásaimh éagsúla ar fáil, mar a leagtar síos in Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in Airteagail 251-281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), in Airteagal 136 de Chonradh Euratom, agus i bPrótacal Uimh. 3 atá i gceangal leis na Conarthaí ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais ...

Tá pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas Eorpach agus dá réir sin tá a dhlíchóras féin aige atá ar leithligh ón dlí idirnáisiúnta. Anuas air sin, tá éifeacht dhíreach nó indíreach ag dlí an Aontais ar dhlíthe a mBallstát agus déantar cuid de dhlíchóras gach Ballstáit de. Is foinse dlí ann féin é an tAontas Eorpach. Is iondúil go roinntear an dlíchóras ina reachtaíocht phríomha (na Conarthaí agus prionsabail dhlíthiúla ghinearálta), reachtaíocht thánaisteach (bunaithe ar na Conarthaí) agus dlí forlíontach ...

Comhar Breithiúnach in ábhair shibhialta

Bileoga Eolais AE 26-01-2024

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar shaorghluaiseacht trasteorann earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine. In ábhair dlí shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, tá comhar breithiúnach á fhorbairt ag an Aontas Eorpach agus, ar an gcaoi sin, tá naisc á gcruthú aige idir na córais dlí éagsúla. Is iad na príomhchuspóirí atá leis sin ná deimhneacht dhlíthiúil agus rochtain éasca agus éifeachtach ar an gceartas a bhaint amach, rud lenar gá an dlínse inniúil a shainaithint, an dlí is infheidhme a ainmniú ...

Leagann na Conarthaí an-tábhacht ar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. In 2009, tugadh isteach roinnt gnéithe tábhachtacha nua: nós imeachta cinnteoireachta níos éifeachtúla agus níos daonlathaí, ar freagra é ar chealú struchtúr na gcolún a bhí ann roimhe sin; cumhachtaí méadaithe do Chúirt Bhreithiúnais AE; agus ról nua do pharlaimintí náisiúnta. Neartaítear cearta bunúsacha le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar cheann de sheacht n-institiúid AE. Dhá chúirt dlí atá inti: an Chúirt Bhreithiúnais féin agus an Chúirt Ghinearálta. Tá sí freagrach as dlínse an Aontais Eorpaigh. Áirithíonn na cúirteanna go léirmhínítear agus go gcuirtear i bhfeidhm i gceart dlí príomha agus tánaisteach AE in AE. Déanann siad athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gníomhartha institiúidí AE agus déanann siad cinneadh an bhfuil a n-oibleagáidí comhlíonta ag Ballstáit faoin dlí príomha ...

Dlí na gcuideachtaí

Bileoga Eolais AE 16-01-2024

Tá dlí Eorpach na gcuideachtaí códaithe go páirteach i dTreoir (AE) 2017/1132 agus leanann na Ballstáit de ghníomhartha ar leith cuideachtaí a fheidhmiú, a leasaítear ó am go chéile chun treoracha agus rialacháin AE a chomhlíonadh. Is é is aidhm do na hiarrachtaí atá ar bun ar dhlí cuideachtaí agus creat rialachais chorparáidigh atá nua-aimseartha agus éifeachtúil a bhunú do ghnóthais, d’infheisteoirí agus d’fhostaithe Eorpacha ná an timpeallacht ghnó in AE a fheabhsú.

Parlaimint na hEorpa: Cúlra stairiúil

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Téann bunús Pharlaimint na hEorpa siar go dtí Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), as a ndearnadh comhthionól na dtrí chomhphobal Eorpacha fhornáisiúnta a bhí ann ag an am. Tugadh an t-ainm ‘Parlaimint na hEorpa’ ar an tionól ina dhiaidh sin. Le himeacht ama, tá athruithe móra tagtha ar an institiúid, a bhfuil a Feisirí á dtoghadh go díreach ó 1979: d’athraigh sí ó thionól le comhaltaí ceaptha go dtí parlaimint thofa a aithnítear mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre ...

Coiste na Réigiún

Bileoga Eolais AE 09-11-2023

Tá Coiste na Réigiún comhdhéanta de 329 gcomhalta a dhéanann ionadaíocht d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Eisíonn sé tuairimí a lorgaítear ar bhonn comhairliúchán éigeantach (mar a cheanglaítear sna Conarthaí) agus toilteanach agus, i gcás inarb iomchuí, eisíonn sé tuairimí féintionscnaimh. Níl a chuid comhaltaí faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha Tá siad neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas, rud atá chun leasa ghinearálta an Aontais Eorpaigh.