Cuardaigh

Do thorthaí

Ag taispeáint 10 as 370 torthaí

Chun a fhorbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn, tá an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach á neartú ag an Aontas Eorpach. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag AE éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha a réigiún éagsúil a laghdú. Tugtar aird speisialta ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an t-aistriú tionsclaíoch ag déanamh difear dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal ...

An tAontas Baincéireachta

Bileoga Eolais AE 07-03-2024

Tá an tAontas Baincéireachta bunaithe ar togra a thíolaic an Coimisiún Eorpach in 2012, cúpla bliain tar éis na gearchéime móire airgeadais a tharla in AE. Ba í an phríomhnuálaíocht ná an fhreagracht as maoirseacht laethúil na mbanc is mó sa limistéar euro a aistriú ón leibhéal náisiúnta go dtí an leibhéal Eorpach. As sin amach, cuireadh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gceannas ar cúraimí beartais airgeadaíochta agus cúraimí maoirseachta araon, cé go raibh air iad a choimeád deighilte go docht óna ...

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus

Bileoga Eolais AE 07-03-2024

Bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) faoi Chonradh na Róimhe d’fhonn soghluaisteacht oibrithe agus deiseanna fostaíochta a fheabhsú. Rinneadh athbreithniú ar a chúraimí agus a rialacha oibríochtúla ina dhiaidh sin mar léiriú ar fhorbairtí i staid eacnamaíoch agus fostaíochta na mBallstát, chomh maith le héabhlóid na dtosaíochtaí polaitiúla arna sainiú ar leibhéal AE.

De ghnáth dhéantaí an comhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú trí chiste amháin, an Ciste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT), ar tháinig an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ina ionad an 1 Eanáir 2007. Le rialachán CBT 2023-2027, tugtar isteach samhail nua seachadta (plean straitéiseach) le haghaidh chaiteachas uile CBT.

Comhionannas idir fir agus mná

Bileoga Eolais AE 02-02-2024

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh. De réir a chéile, cuireadh taca leis an bprionsabal sin, agus lena chur chun feidhme san Aontas, a bhuíochas sin le reachtaíocht, cásdlí agus athruithe ar na Conarthaí. Bhí Parlaimint na hEorpa riamh ina cosantóir díograiseach de chuid phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná.

Tá na nósanna imeachta chun Parlaimint na hEorpa a thoghadh faoi rialú ag reachtaíocht Eorpach ina leagtar síos rialacha atá coiteann do gach Ballstát agus ag forálacha náisiúnta sonracha atá éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Leagtar síos sna forálacha comhchoiteanna prionsabal na hionadaíochta cionmhaire, rialacha maidir le tairseacha agus neamh-chomhoiriúnachtaí áirithe a ghabhann leis an sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá go leor ábhair thábhachtacha eile, amhail an ...

An margadh aonair digiteach uileláithreach

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Téann an margadh aonair digiteach chun tairbhe an gheilleagair, laghdaíonn sé an tionchar ar an gcomhshaol agus feabhsaíonn sé an caighdeán saoil trí ríomhthráchtáil agus ríomhrialtas. Agus seirbhísí ag aistriú ó ardáin sheasta go hardáin mhóibíleacha, tá gá le creat de chuid an Aontais le haghaidh néalríomhaireachta, rochtain thrasteorann ar ábhar agus sonraí móibíleacha gan uaim, agus príobháideachas agus cibearshlándáil á n-áirithiú ag an am céanna. Bhí an margadh aonair digiteach Eorpach ríthábhachtach ...

Áirítear le maoin intleachtúil gach ceart eisiach ar shaothair intleachtúla. Cuimsítear léi dhá chineál ceart: an mhaoin thionsclaíoch, lena n-áirítear aireagáin (paitinní), trádmharcanna, dearthaí agus samhlacha tionsclaíocha agus sonrúcháin tionscnaimh, agus cóipcheart, lena n-áirítear maoin ealaíne agus liteartha. Ó tháinig an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm in 2009, tá inniúlacht fhollasach ag AE i leith cearta maoine intleachtúla (Airteagal 118).

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh na Róimhe, rinneadh sásraí idirghabhála a chur in ionad bheartais talmhaíochta na mBallstát ar leibhéal an Chomhphobail. Tá bunchloch an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) gan athrú ó síníodh Conradh na Róimhe, cé is moite de rialacha a bhaineann leis an nós imeachta cinnteoireachta. Le Conradh Liospóin, tugadh aitheantas don chomhchinnteoireacht mar an ‘gnáthnós imeachta reachtach’ do CBT, in ionad an nóis imeachta comhairliúcháin.

Iompar d’iarnród

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Tá beartas iompair iarnróid AE dírithe ar limistéar Eorpach aonair iarnróid a chruthú. Glacadh trí phacáiste agus athmhúnlú in imeacht 10 mbliana tar éis an earnáil iarnróid a oscailt d’iomaíocht in 2001. Glacadh an ceathrú pacáiste, a ceapadh chun an limistéar Eorpach aonair iarnróid a chomhlánú, i mí Aibreáin 2016 (an colún teicniúil) agus i mí na Nollag 2016 (an colún margaidh).