Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa 

Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa

An Bhruiséil
Seomra Tionóil

Is bealach iontach é cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil chun atmaisféar spleodrach na parlaiminte trasnáisiúnta is mó ar domhan a thógáil isteach agus chun faisnéis a fháil faoina cumhachtaí agus faoina ról. 

bliana
Fad na gníomhaíochta Ó go -
Méid an ghrúpa Íoslíon 20 go uaslíon 80 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
bliana
60-90'
20-80
24

Is é an Seomra Tionóil croílár dhaonlathas na hEorpa, áit a dtagann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le chéile le linn na seisiún iomlánach chun na díospóireachtaí is mó agus is tábhachtaí a reáchtáil. Chomh maith leis sin, is ansin a dhéantar vótálacha stairiúla a athraíonn slí mhaireachtála daoine ar fud na hEorpa.

Is féidir an chuairt a dhéanamh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá na cuairteanna saor in aisce. Tá gá le réamháirithint do ghrúpaí. Tá sé inrochtana go hiomlán do dhaoine faoi mhíchumas.

Cuairteoirí aonair

Is féidir le cuairteoirí aonair cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil le treoir ilmheán, suí isteach ar fhaisnéisiú nó seisiúin iomlánacha a leanúint. Tá cuairteanna ar fáil do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do ghrúpaí beaga suas le naonúr. Ní mór do dhuine fásta a bheith in éineacht le páistí atá faoi bhun 14 bliana d'aois. 

Le linn do chuairte ar an Seomra Tionóil, beidh deis agat an taispeántas ealaíne ‘Aontaithe san Éagsúlacht’ a fheiceáil, ar cuid de bhailiúchán ealaíne Pharlaimint na hEorpa é ina bhfuil saothair ealaíne ó gach Ballstát. Lean an nasc seo chun níos mó a fhoghlaim faoin mbailiúchán ealaíne.

 

Treoracha ilmheán

Tabhair cuairt ar an Seomra Tionóil ar do luas féin le treoir ilmheán agus foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa. Tá cuairteanna le treoracha ilmheán ar fáil i 24 theanga oifigiúla AE agus maireann siad thart ar uair an chloig. Tabhair faoi deara nach féidir cuairteanna treoraithe ilmheán a dhéanamh i rith seisiúin iomlánacha.

Is féidir leat an treoir ilmheán a íoslódáil sula gcuireann tú tús le do chuairt. Tá an aip 'EP Visit' ar fáil ar Apple Store agus ar Google Play.

 

Cainteanna sa Seomra Tionóil

Cuir do cheisteanna ar dhuine dár gcainteoirí agus tú ag éisteacht le caint faoi obair agus ról Pharlaimint na hEorpa. Cuirtear cainteanna sa Seomra Tionóil maireann siad thart ar uair an chloig agus bíonn siad ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis (tá teangacha eile ar fáil ach iad ag brath ar an soláthar).

 

Lean an seisiún iomlánach

Le linn na seisiún iomlánach, bíonn líon teoranta áiteanna ar fáil do chuairteoirí aonair chun an seisiún a leanúint ar feadh 30 nóiméid. Braitheann iontráil ar líon na n-áiteanna a bhíonn ar fáil. Féach ar an bhféilire i gcomhair dhátaí na seisiún iomlánach sa Bhruiséil.

Uaireanta cuartaíochta

Ní féidir cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil ar laethanta dúnta oifige ná laethanta saoire poiblí. In 2024: 01-05/01, 28-29/03, 01/04, 26/04, 01/05, 9-10/05, 20/05, 15/08, 01/11, 23/12-05/01/2025.

Treoracha ilmheán¹⁺² Dé Luain − Déardaoin Dé hAoine
9:00 − 16:30 9:00 − 12:30
Treoracha ilmheán¹⁺²
Dé Luain − Déardaoin
9:00 − 16:30
Dé hAoine
9:00 − 12:30
Cainteanna¹⁺² Dé Luain
11:00, 15:00
Cainteanna¹⁺²
Dé Luain
11:00, 15:00
  1. Last entry 30 minutes before closing time.

Grúpaí

Is féidir cuairteanna ar an Seomra Tionóil a eagrú do ghrúpaí idir 10 agus 100 duine agus ba cheart iad a chur in áirithe 2 mhí roimh ré. Braitheann iarrataí ar infhaighteacht seomraí agus cainteoirí.

Maireann cuairteanna do ghrúpaí 1-2 uair an chloig agus is éard atá i gceist ná caint phearsantaithe ó bhall foirne ar ról agus ar chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, seisiún ceisteanna agus freagraí agus cuairt ar ghailearaí an tSeomra Tionóil. Bíonn siad ar fail i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, ó Luan go hAoine. Ag brath ar fhéilire Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh grúpaí an seisiún iomlánach a leanúint ón ngailearaí ar feadh uair an chloig.

Ní féidir cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil ar laethanta dúnta oifige ná laethanta saoire poiblí. 

Is féidir le ceannairí na ngrúpaí cuairt a chur in áirithe ach an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach.  

Chun eolas a fháil faoi phróiseáil sonraí pearsanta, féach ar an bhfógra cosanta sonraí anseo.

 

Cuairteanna comhcheangailte le roinnt saoráidí

An bhféadfá a lua más mian leat do chuairt chuig an Seomra Tionóil a chomhcheangal le cuairt chuig an bParlamentarium agus/nó chuig Áras Stair na hEorpa agus an t-iarratas ar áirithint á chomhlánú agat. Ach fógra a thabhairt roimh ré, cinnteofar gur cuairt réidh a bheidh ann.

Saoráidí 

Tá ceaintín i limistéar na gcuairteoirí i bhfoirgneamh Paul-Henri Spaak, ach is le háirithintí amháin a bhíonn sé ar fáil do ghrúpaí | restauration-reservation-compass-bruxelles@ext.europarl.europa.eu.

Inrochtaineacht

Do chuairteoirí a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, cuireann an tsaoráid do chuairteoirí sa Seomra Tionóil rochtain iomlán ar fáil do chathaoireacha rothaí, agus bíonn ár bhfoireann ar fáil chun cúnamh a thabhairt.

Le linn cuairteanna, bíonn ár bhfoireann breá sásta oibriú le hateangairí comharthaíochta. Is faoi cheannairí na ngrúpaí a bhíonn sé seirbhísí na n-ateangairí sin a eagrú.

Má bhíonn gá agat le cúnamh speisialta, tabhair fógra dúinn roimh ré le do thoil.

Slándáil

Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh: 

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa. Má chláraigh tú roimh ré agus má thug tú sonraí maidir le do dhoiciméad aitheantais cheana, ní mór duit an doiciméad seo a thabhairt leat chuig an bParlaimint ar lá do chuairte. 
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a bhféadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ní cheadaítear tralaithe, cásanna ná bagáiste mór eile isteach sna foirgnimh.
  • Níl ainmhithe ceadaithe sna foirgnimh ach amháin más treoraithe traenáilte iad do dhaoine lagamhairc nó chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
  • Má eisíodh pas rochtana do chuairteoirí, ní mór dóibh é a chaitheamh ar bhealach sofheicthe agus iad i bhfoirgnimh na Parlaiminte. 
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí, ach tá cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil le linn seisiúin iomlánacha chomh maith leis na bialanna agus beáir. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na Rialacha lena rialaítear Taifid in áitreabh Pharlaimint na hEorpa.
  • Má bhuailtear an t-aláram dóiteáin, fág an foirgneamh láithreach gan a bheith ag rith agus lean na treoracha atá tugtha ag an bhfoireann slándála agus ag na saorálaithe aslonnaithe.
  • In aon chás éigeandála maidir le sábháilteacht, cuir glao ar 85112 ó aon fhón inmheánach. 
  • Tá roinnt limistéar faoi réir físfhaireachais de réir Bheartas Físchosanta Pharlaimint na hEorpa.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Is féidir le cuairteoirí ceann a chaitheamh más mian leo.
  • Mura mbraitheann tú ar fónamh, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte ar ais a chur romhat nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís. 
     

An leagan is deireanaí: 11/2023

Map

Seomra Tionóil

Paul-Henri Spaak Building
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 Brussels
Belgium
+32 (0)2 28 41482

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine bodhra
Míchumas luaile

Eolas praiticiúil