Stáisiún na hEorpa 

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa

Cuir tús le do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil ag Stáisiún na hEorpa, suite ar an gcearnóg bhríomhar Place du Luxembourg. Má tá a fhios agat go díreach céard ba mhaith leat a fheiceáil nó mura bhfuil tú ach fiosrach, tá gach eolas ar fáil ag Stáisiún na hEorpa chun an leas is fearr a bhaint as do chuairt.

15'
1
24

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa

Suite san fhoirgneamh ina mbíodh stáisiún traenach ‘Brussels-Luxembourg’ tráth, is sárnasc é Stáisiún na hEorpa idir stair an cheantair, Ceantar Leopold, agus ról an cheantair sa lá atá inniu mar chroílár an daonlathais Eorpaigh, agus tá rud ar fáil do gach duine ann.

Féach ar Pharlaimint na hEorpa tagtha chun beatha le samhail réaltachta breisithe den champas. Nó cur le do chuid eolais mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag beartais agus ag infheistíocht an Aontais Eorpaigh ar do thír, ar do réigiún nó ar do chathair le what-europe-does-for-me.eu ar tháblaí scáileáin tadhaill. Tá mionsamhlacha lánléargais ann lena ligtear duit súil a chaitheamh ar an am atá thart agus féachaint trí na poill amhairc ar radharcanna éagsúla de Pharlaimint na hEorpa ag tréimhsí éagsúla óna stair.

Is é Stáisiún na hEorpa ina thairseach na Bruiséile duit freisin agus tá an suíomh visit.brussels ann chun blaiseadh a thabhairt duit ar a bhfuil ar fáil i bpríomhchathair na Beilge.

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine Satharn - Domhnach
09:00 - 18.00 10:00 - 18:00
Luan go hAoine
09:00 - 18.00
Satharn - Domhnach
10:00 - 18:00
 
 

Dúnta an 1 Eanáir, an 1 Bealtaine, an 1 Samhain, 24, an 24, 25 agus 31 Nollaig.

Covid-19 measures

Léigh na bearta seo a leanas, le do thoil, ionas go mbeidh cuairt shábháilte agat (An leagan is deireanaí: 23/06/20):

  • Ní ligfear isteach tú ach amháin má tá dóthain spáis laistigh.
  • Is féidir le 10 duine ar a mhéad cuairt a thabhairt le chéile.
  • Tabhair do mhasc aghaidhe féin leat.
  • Seans go ndéanfar seiceáil teochta ort ag an mbealach isteach agus ní bheidh cead agat dul isteach má tá do theocht os cionn 37.7 °C.
  • Leanann cuairteanna bealach seasta agus d’fhéadfadh sé go ndúnfaí codanna áirithe den taispeántas.
  • Ní mór duit 1.5 m a choinneáil ó chuairteoirí eile.
  • Tá gnáthuaireanta oscailte i bhfeidhm.

Stáisiún na hEorpa

Place du Luxembourg / Luxemburgplein 100
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Réitigh do dhaoine bodhra
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil

Lean le do chuairt

  

An Parlamentarium

An Bhruiséil
An Parlamentarium
60'
6
24

Áras Stair na hEorpa

An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa
90'
10
24

Cluiche Rólghníomhaíochta

An Bhruiséil
An Parlamentarium
14
18
bliana
150'
16-32
24