Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair atá an seisiún iomlánach ar siúl 

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair atá an seisiún iomlánach ar siúl

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa

Féach an daonlathas Eorpach faoi lán seoil. Lean an díospóireacht ó áiléar na gcuairteoirí le linn seisiún iomlánach sa Seomra Tionóil – seomra parlaiminteach Pharlaimint na hEorpa.

bliana
Méid an ghrúpa Íoslíon 20 go uaslíon 100 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair atá an seisiún iomlánach ar siúl

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
bliana
20-100
24

Is slí iontach é cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg le linn seisiúin iomlánacha chun an daonlathas a fheiceáil faoi lán seoil. Dhá uair déag sa bhliain, bíonn suí ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sa Seomra Tionóil chun reachtaíocht AE a dhéanann difear do shaol na milliún saoránach a phlé agus a rith. Is deis ar leith iad na seisiúin iomlánacha chun éisteacht le d’ionadaithe agus le ceannairí Eorpacha agus iad ag labhairt faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun dul i ngleic le saincheisteanna is tábhachtaí na linne seo. 

Bíonn seisiúin iomlánacha in Strasbourg ar siúl ó thráthnóna Dé Luain go dtí oíche Déardaoin: Féach ar fhéilire na seisiún iomlánach.

Bíonn na cuairteanna saor in aisce i gcónaí agus ar fáil in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ní gá do chuairteoirí aonair áirithint a dhéanamh ach is gá áirithint a dhéanamh roimh ré do ghrúpaí, ag brath ar iad a bheith ar fáil.

Cuairt aonair

Le linn na seisiún iomlánach, is féidir suí in áiléar na gcuairteoirí, an díospóireacht a leanúint agus cuairt a thabhairt ar Parlamentarium Simone Veil agus ar thaispeántais.

Ní gá do chuairteoirí aonair, lena n-áirítear grúpaí beaga ina bhfuil níos lú ná 20 duine, a gcuairt a chur in áirithe. Bíonn teorainn ar an méid áiteanna a bhíonn ar fáil do chuairteoirí aonair chun an seisiún a leanúint ar feadh suas le 30 nóiméad. Tá cead isteach bunaithe ar an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.

Uaireanta oscailte

Dé Luain Dé Máirt, Dé Céadaoin
09:30 − 12:00*; 17:00 − 18:00 09:00 − 12:00; 15:00 − 18:00
Dé Luain
09:30 − 12:00*; 17:00 − 18:00
Dé Máirt, Dé Céadaoin
09:00 − 12:00; 15:00 − 18:00
Déardaoin Dé hAoine*
09:00 − 12:00 09:00 − 18:00
Déardaoin
09:00 − 12:00
Dé hAoine*
09:00 − 18:00

*Gach maidin Dé Luain (09:30 − 12:00) agus gach Aoine (09:00 − 18:00), le linn sheachtain an tseisiúin iomlánaigh, is féidir cuairt aonair a dhéanamh le treoir ilmheán gan réamháirithint. Ach ní bheidh aon díospóireacht ar siúl sa Seomra Tionóil ag na hamanna sin.

Tá an foirgneamh dúnta ar an Domhnach agus ar na laethanta seo a leanas – 2024: 01-05/01, 20/02, 29/03, 01/04, 26/04, 01/05, 9/05, 20/05, 15/08, 01/11, 23/12-05/01/2025.

Cuairt do ghrúpa

Is féidir le grúpaí (20 go 100 duine) cuairt ar Pharlaimint na hEorpa a eagrú le linn an tseisiúin iomlánaigh i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cuairteanna do ghrúpaí a chur in áirithe 2-3 mhí roimh ré, ag brath ar iad a bheith ar fáil.

Is féidir le grúpaí freastal ar chur i láthair ó bhall foirne, agus ar sheisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin, agus féachaint ar an díospóireacht sa seisiún iomlánach ó áiléar na gcuairteoirí sa Seomra Tionóil ar feadh 30 nóiméad. Is féidir cruinniú a eagrú le Feisire de Pharlaimint na hEorpa freisin, má iarrtar sin agus má bhíonn an Feisire ar fáil.

Tá fáilte roimh ghrúpaí cuairt a thabhairt ar Parlamentarium Simone Veil agus ar thaispeántais roimh nó i ndiaidh na cuairte ar an Seomra Tionóil.

Uaireanta oscailte

Dé Luain Dé Máirt, Dé Céadaoin Déardaoin
14:30 − 18:00 08:30 − 18:00 08:30 – 12:30
Dé Luain
14:30 − 18:00
Dé Máirt, Dé Céadaoin
08:30 − 18:00
Déardaoin
08:30 – 12:30

Cuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck

Is féidir le grúpaí a thugann cuairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg cuairt a thabhairt freisin ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck saor in aisce an tseachtain chéanna lena gcuairt. Chun tairbhe a bhaint as iontráil saor in aisce, ní mór do ghrúpaí a ndeimhniú áirithinte a thaispeáint. 

Tuilleadh eolais ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck

Inrochtaineacht

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d’fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra do sheirbhís na gcuairteoirí roimh ré:

Saoráidí

Ní bhíonn seomra na gcótaí, atá suite ag slí isteach na gcuairteoirí i ndiaidh an lárionaid slándála, ar fáil ach amháin le linn seisiúin iomlánacha.

Bíonn caifitéire ar oscailt i gceantar na gcuairteoirí. Is féidir le grúpaí áirithint a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le restauration-reservation-strasbourg@ext.europarl.europa.eu roimh ré.

Slándáil

Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh: 

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa. Má chláraigh tú roimh ré agus má thug tú sonraí maidir le do dhoiciméad aitheantais cheana, ní mór duit an doiciméad seo a thabhairt leat chuig an bParlaimint ar lá do chuairte. 
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a bhféadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ní cheadaítear tralaithe, cásanna ná bagáiste mór eile isteach sna foirgnimh.
  • Níl ainmhithe ceadaithe sna foirgnimh ach amháin más treoraithe traenáilte iad do dhaoine lagamhairc nó chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
  • Má eisíodh pas rochtana do chuairteoirí, ní mór dóibh é a chaitheamh ar bhealach sofheicthe agus iad i bhfoirgnimh na Parlaiminte. 
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí, ach tá cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil le linn seisiúin iomlánacha chomh maith leis na bialanna agus beáir. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na Rialacha lena rialaítear Taifid in áitreabh Pharlaimint na hEorpa.
  • Má bhuailtear an t-aláram dóiteáin, fág an foirgneamh láithreach gan a bheith ag rith agus lean na treoracha atá tugtha ag an bhfoireann slándála agus ag na saorálaithe aslonnaithe.
  • In aon chás éigeandála maidir le sábháilteacht, cuir glao ar 85112 ó aon fhón inmheánach. 
  • Tá roinnt limistéar faoi réir físfhaireachais de réir Bheartas Físchosanta Pharlaimint na hEorpa.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Is féidir le cuairteoirí ceann a chaitheamh más mian leo.
  • Mura mbraitheann tú ar fónamh, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte ar ais a chur romhat nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís. 
     

An leagan is deireanaí: 11/2023

Map

Pharlaimint na hEorpa

Louise Weiss Building
1 Allée du Printemps
F-67070 Strasbourg cedex

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil