Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair nach bhfuil an seisiún iomlánach ar siúl 

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair nach bhfuil an seisiún iomlánach ar siúl

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa

Cuir eolas ar an Seomra Tionóil, ar Parlamentarium Simone Veil agus ar thaispeántais ag Parlaimint na hEorpa in Strasbourg.

bliana
Méid an ghrúpa Íoslíon 20 go uaslíon 100 duine

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair nach bhfuil an seisiún iomlánach ar siúl

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
bliana
20-100

Fáilte go suíomh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa! Tá turas chuig an Seomra Tionóil san áireamh i ngach cuairt, mar aon le turas ar Parlamentarium Simone Veil agus ar thaispeántais bhuana agus shealadacha.

Tá na cuairteanna saor in aisce, maireann siad thart ar 60 nóiméad agus tá siad ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Níl sé éigeantach réamháirithint a dhéanamh, ach moltar é do ghrúpaí.

Turais fhéintreoraithe do chuairteoirí

Cuirtear fáilte roimh chuairteoirí aonair agus grúpaí le linn na n-uaireanta oscailte thíos. Déantar an chuairt trí aip ‘EP Visit Strasbourg’ a úsáid, atá ar fáil sna 24 theanga san App Store agus in Google Play nó is féidir í a úsáid ar ghléasanna a chuirtear ar fáil ar an láthair. B’fhéidir nach mbeadh gléasanna ilmheán ar fáil ag amanna gnóthacha den lá. Má tharlaíonn sé sin, beidh baill foirne i láthair chun ceisteanna a fhreagairt agus labhairt faoi Pharlaimint na hEorpa i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Tá fáilte romhat do chluasáin féin a thabhairt leat.

Uaireanta oscailte

Tabhair do d’aire go n-athraíonn uaireanta oscailte le linn seisiúin iomlánacha.

Luan − Aoine Dé Sathairn
09:00 – 18:00 09:30 − 12:00; 13:00 − 18:00
Luan − Aoine
09:00 – 18:00
Dé Sathairn
09:30 − 12:00; 13:00 − 18:00

Uair dheireanach le teacht isteach: 17:00.

Tá an foirgneamh dúnta ar an Domhnach agus ar na laethanta seo a leanas – 2024: 01-05/01, 20/02, 29/03, 01/04, 26/04, 01/05, 9/05, 20/05, 15/08, 01/11, 23/12-05/01/2025.

Turais threoraithe do ghrúpaí

Féadann grúpaí (20 duine nó níos mó) turas treoraithe a chur in áirithe. Tá turais threoraithe ar fáil i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis. Is féidir cuid den chuairt a dhéanamh trí aip ‘EP Visit Strasbourg’ a úsáid, atá ar fáil sna 24 theanga san App Store agus in Google Play nó is féidir í a úsáid ar ghléasanna a chuirtear ar fáil ar an láthair.

Ní mór áirithint a dhéanamh ar a laghad dhá lá roimh ré, ach is féidir cuairt a chur in áirithe suas le 6 mhí roimh ré. 

Cuir turas treoraithe in áirithe

 

Cuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck

Is féidir le grúpaí a thugann cuairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg cuairt a thabhairt freisin ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck saor in aisce an tseachtain chéanna lena gcuairt. Chun tairbhe a bhaint as iontráil saor in aisce, ní mór do ghrúpaí a ndeimhniú áirithinte a thaispeáint. Mura ndearnadh an chuairt a chur in áirithe roimh ré, is féidir le grúpaí teastas a lorg agus iad ar cuairt go Parlaimint na hEorpa. 

Imeachtaí agus taispeántais

Sa bhreis ar chuairt ar an Seomra Tionóil, nár cheart duit cailleadh amach air, is féidir súil a chaitheamh ar thaispeántais bhuana agus shealadacha agus tú ar cuairt, nó páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí iomadúla a bhíonn ar siúl i bParlaimint na hEorpa i gcaitheamh na bliana. 

Inrochtaineacht

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d’fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra do sheirbhís na gcuairteoirí roimh ré:

Saoráidí

Ó Luan go hAoine, bíonn caifitéire ar oscailt i gceantar na gcuairteoirí.

Slándáil

Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh: 

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa. Má chláraigh tú roimh ré agus má thug tú sonraí maidir le do dhoiciméad aitheantais cheana, ní mór duit an doiciméad seo a thabhairt leat chuig an bParlaimint ar lá do chuairte. 
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a bhféadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ní cheadaítear tralaithe, cásanna ná bagáiste mór eile isteach sna foirgnimh.
  • Níl ainmhithe ceadaithe sna foirgnimh ach amháin más treoraithe traenáilte iad do dhaoine lagamhairc nó chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
  • Má eisíodh pas rochtana do chuairteoirí, ní mór dóibh é a chaitheamh ar bhealach sofheicthe agus iad i bhfoirgnimh na Parlaiminte. 
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí, ach tá cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil le linn seisiúin iomlánacha chomh maith leis na bialanna agus beáir. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na Rialacha lena rialaítear Taifid in áitreabh Pharlaimint na hEorpa.
  • Má bhuailtear an t-aláram dóiteáin, fág an foirgneamh láithreach gan a bheith ag rith agus lean na treoracha atá tugtha ag an bhfoireann slándála agus ag na saorálaithe aslonnaithe.
  • In aon chás éigeandála maidir le sábháilteacht, cuir glao ar 85112 ó aon fhón inmheánach. 
  • Tá roinnt limistéar faoi réir físfhaireachais de réir Bheartas Físchosanta Pharlaimint na hEorpa.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Is féidir le cuairteoirí ceann a chaitheamh más mian leo.
  • Mura mbraitheann tú ar fónamh, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte ar ais a chur romhat nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís. 
     

An leagan is deireanaí: 11/2023

Map

Pharlaimint na hEorpa

Togalach Louise Weiss
1 Allée du Printemps
F-67070 Strasbourg cedex

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil